Access Keys:

 
 
Christian Brothers' Primary School, Armagh
Christian Brothers' Primary School, Armagh

Comórtas na bPóstaer - Seachtain 1 sa Bhaile

8th Apr 2020

D'fhoghlaim muid faoi 'Fungie' an deilf a chónaíonn thíos i gCondae Chiarraí ar na mallaibh agus bhí comórtas póstaer againn. 

Sa deireadh ní raibh mé in ann póstaer amháin a roghnú agus mar sin tá comhbhuaiteoirí againn. (Thanks to those who made a super effort with the Fungi posters. I couldn't pick one out so we have joint winners instead). Gheobhaidh sibh uilig ⭐

Is iad Bláithín agus Ultan na comhbhuaiteoirí 💪💪

Rinne Bláithín píosa iontach le scríbhneoireacht dheas a mheall daoine teacht le Fungie a fheiceáil. Rinne sí teideal a sheas amach fosta. (A brilliant piece with lovely writing encouraging people to come see Fungi and a title that stands out). Maith thú féin.

Má amharcann tú ar obair Ultan, feicfidh tú an grianghraf a thóg sé ón idirlíon. Amharc ansin ar an íomhá ghalánta a tharraing sé. Is iad na scáthanna difriúla a thagann ón ghrian agus ón uisce a sheasann amach domsa. (You'll see the photo Ultan used from the internet. Then look at his beautiful picture. The different shades from the sun and water really stand out). Ar fheabhas!

Seo hiad na póstaeir uilig.

Múinteoir Mac Liam